Caipiteal, Eastáit agus Gníomhú ar son na hAeráide

Corparáideach
Home 9 Corparáideach 9 Caipiteal, Eastáit agus Gníomhú ar son na hAeráide

Cad a Dhéanaimid

Tá an Rannóg Caipitil, Eastát agus Gníomhaithe ar son na hAeráide ar cheann de na cúig rannóg laistigh de Stiúrthóireacht Tacaíochta agus Forbartha Eagraíochta BOOLM. Mar a thugtar le fios leis an ainm, cuimsítear trí réimse leathana le hobair na Rannóige: Caipiteal, Eastáit agus Gníomhú ar son na hAeráide.

Caipiteal

Tá freagracht ar an Rannóg as raon leathan gníomhaíochtaí, ó riarachán agus bainistíocht laethúil gach tionscadail caipitil agus tógála go bainistíocht iarmhéideanna caipitil éagsúla, bainistíocht riosca, maoirseacht agus rialú buiséid, ceadanna reachtúla a chomhlíonadh agus Treoirdhoiciméid Theicniúla (TDTanna) na Roinne Oideachais agus Óige (ROÓ) a chomhlíonadh.

Beaufort College
Coláiste Beaufort
Sonraí íomhá – CPAC
Advanced Manufacturing and Training Centre of Excellence,
Ionad Oiliúna Bairr Feabhais Ard-Déantúsaíochta
Sonraí íomhá – Derek McAuley, Sainchomhairleoir Tógála, Grianghrafadóir Dróin agus Ailtireachta

In 2025, bhainistigh BOOLM tionscadail chaipitil arbh fhiú €400 milliún iad, agus bhí breis is 140 scéim acu ag céimeanna pleanála, dearaidh agus seachadta ar fud Lú agus na Mí. Ba mhó ná €23 milliún an caiteachas caipitil le linn na bliana.

Amach anseo, tá clár caipitil BOOLM chun €70 milliún breise a infheistiú i scoileanna agus ionaid ar fud Lú agus na Mí le linn 2026, agus tacaíocht leanúnach aige ón Roinn Oideachais agus Óige (ROÓ), ó SOLAS agus ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE).

Cinntítear leis an bpunann leathan sin go leanann scoileanna agus ionaid BOOLM de thairbhe a bhaint as saoráidí nua-aimseartha inbhuanaithe atá dírithe ar an todhchaí do dhaltaí agus don fhoireann.

D’iarr ROÓ ar BOOLM agus ar BOO amháin eile san earnáil a bheith i gceannas ar sheachadadh 20 tionscadal modúlach RSO in 2026.

Tá áthas orainn tacú leis an Roinn i seachadadh na dtionscadal ríthábhachtach sin, lena gcinnteofar go gcuirtear cóiríocht chomhtháite ionchuimsitheach ar ardchaighdeán ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu. Leanaimid freisin de thacú leis an Roinn agus le CNOS araon chun cóiríocht RSO a chur in oiriúint ar fud an-chuid scoileanna BOOLM. Leanann BOOLM freisin de thacú le scoileanna neamh-BOO arna iarraidh sin don Roinn, agus is cúis mhór áthais dúinn a bheith in ann cúnamh a thabhairt i seachadadh na dtionscadal tábhachtach sin. Léirítear leis an tacaíocht trasearnála sin saineolas láidir na Stiúrthóireachta i seachadadh tionscadal agus a tiomantas do rannchuidiú leis an mbonneagar náisiúnta oideachais níos leithne.

Tugann an Stiúrthóireacht ceannaireacht freisin maidir le scoileanna a fheistiú le troscán agus trealamh scaoilte, rud a chinntíonn go bhfeistítear saoráidí oideachais agus go dtugtar acmhainní dóibh ar an gcaighdeán is airde. Is clár suntasach ar fiú na milliúin euro é sin as féin, agus comhlánaítear leis obair níos leithne na Stiúrthóireachta i seachadadh timpeallachtaí foghlama ar ardchaighdeán atá dírithe ar an todhchaí.

Gné thábhachtach de ról na Stiúrthóireachta is ea a rannpháirtíocht leanúnach leis na pobail ar a bhfreastalaíonn sí. Oibrímid go dlúth le boird, coistí, boird bainistíochta, maoinitheoirí, múinteoirí, príomhoidí, conraitheoirí, sainchomhairleoirí agus páirtithe leasmhara níos leithne chun a chinntiú go bhforbraítear agus go bhfeabhsaítear saoráidí ar bhealach a léiríonn riachtanais áitiúla agus tosaíochtaí straitéiseacha. Táimid fós tiomanta do theagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar gach leibhéal de réir mar a chuirimid cur i bhfeidhm ár spriocanna uaillmhianacha agus gníomhaíochtaí chun cinn.

Táimid freagrach don Stiúrthóir Tacaíochta agus Forbartha Eagraíochta agus don Phríomhfheidhmeannach, agus cuimsítear lenár sainchúram saolré iomlán tionscadail tógála ón iarratas tosaigh chuig an Roinn Rialtais ábhartha/SOLAS tríd síos gach ceann de na cúig chéim mar a leag ár máthair-roinn amach – Céim 1 Iarratais/Tuarascálacha, Céim 2 Dearadh Tosaigh, Céim 2a Dearadh Forbartha, Céim 2b Dearadh Mionsonraithe, Céim 3 Gníomhaíocht Tairisceana, Céim 4 Tógáil, Céim 5 Seachadadh agus Cuntas Deiridh.

fry

Déanann an Fhoireann idirchaidreamh le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear ROÓ, RBATNE, SOLAS, Bord BOOLM, pátrúin scoile agus gairmithe ábhartha (ailtirí, suirbhéirí cainníochta, innealtóirí agus conraitheoirí san áireamh), comhlachtaí reachtúla agus iniúchóirí, ach gan a bheith teoranta dóibh sin. Cinntíonn an Rannóg Caipitil, Eastát agus Gníomhaithe ar son na hAeráide go gcomhlíontar an Cód Caiteachais Phoiblí agus rialacha soláthair an Aontais lena cuid oibre.

Cinntímid freisin go mbíonn gach cead reachtúil is gá i bhfeidhm agus go gcloítear lenár gcuid tionscadal leis an treoir theicniúil is déanaí ón Roinn Oideachais agus Óige, agus nósanna imeachta na Foirne Dearaidh san áireamh. Go bunúsach, déanaimid maoirseacht ar dhearadh, soláthar agus seachadadh foirgneamh úrscothach oideachais agus oiliúna ó thús go deiridh lándéanta. Táimid mórálach as foirgnimh 5 réalta oideachais agus oiliúna a sheachadadh dár bhfoghlaimeoirí in am agus laistigh den bhuiséad.

Tasc ollmhór is ea bainistíocht agus rialachas airgeadais na dtionscadal caipitil agus cuimsítear leis monatóiriú agus cothabháil a dhéanamh ar thaifid cothrom le dáta ar íocaíochtaí caipitil, tuarascálacha ar chaipiteal a cheapadh, a ullmhú, a eisiúint agus a rianú, agus a chinntiú go mbíonn an páipéarachas a bhaineann le tionscadail atá fós ar siúl cothrom le dáta.

Cinntíonn an Fhoireann freisin go n-iarrtar gach cistiú in am ó ROÓ/RBATNE/SOLAS, agus cinntíonn siad go ndéantar deimhnithe íocaíochta a fháil, a athbhreithniú, a cheadú agus a íoc in am agus formheas acu ó ROÓ/SOLAS. Déanann an Fhoireann monatóiriú freisin ar shreabhadh airgid agus cinntíonn siad go gcoinnítear tionscadail laistigh den bhuiséad.

Tá ár gcuid tionscadal caipitil uile faoi réir cheanglais an Chóid Caiteachais Phoiblí, agus déanann an tAonad Iniúchta Inmheánaigh agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARC&C) iniúchadh orthu, agus déanann an Roinn Oideachais agus Óige iniúchtaí tionscadail aonair. Tá áthas orainn gur bhfuaireamar deimhniú glan iniúchta ón ARC&C le haghaidh 2024.

Tá freagracht ar an Rannóg Caipitil, Eastát agus Gníomhaithe ar son na hAeráide as gach soláthar caipitil laistigh de BOOLM. Is éard atá i gceist leis sin tairiscintí a lorg le haghaidh sainchomhairleoirí agus conraitheoirí i gcomhréir le treoirlínte na ROÓ agus le rialacha agus rialacháin soláthair náisiúnta agus le rialacha agus rialacháin soláthair an Aontais.

Úsáidimid sraith doiciméad Chreat Bainistíochta Oibreacha Caipitil ROÓ a forbraíodh chun a chinntiú go mbaintear amach príomhchuspóirí (is iad sin, seachadadh níos éifeachtúla tionscadal, luach níos fearr ar airgead agus deimhneacht chostais níos fearr ag an gcéim tairisceana) an chinneadh ón Rialtas an 4 Bealtaine (S29837) i ndáil le hathchóiriú soláthair tógála na hearnála poiblí.

Le linn 2025, d’fhógair BOOLM 62 comórtas ar leith le haghaidh ailtirí, innealtóirí sibhialta agus struchtúr, innealtóirí meicniúla agus leictreacha, suirbhéirí cainníochta, maoirseoir tionscadail céime dearaidh agus conraitheoirí tógála, agus d’éirigh leo conarthaí a bhronnadh i ngach cás.

Eastáit

Tá ról straitéiseach ag an Rannóg freisin i mBainistíocht Eastát. Is éard atá i gceist leis sin aidhmeanna agus spriocanna ár Straitéise Eastát a chur i bhfeidhm, saoráidí a nuachóiriú, úsáid spáis a bharrfheabhsú, timpeallachtaí ionchuimsitheacha inrochtana a chruthú a chothaíonn nuálaíocht agus foghlaim agus oiriúnú d’éilimh oideachais atá ag athrú. Déanann an fhoireann maoirseacht agus bainistíocht ar gach éadáil láithreáin, léasanna/ceadúnais agus úsáid saoráidí BOOLM.

Tá an fhreagracht ar an Rannóg Caipitil, Eastát agus Gníomhaithe ar son na hAeráide as gach ábhar réadmhaoine agus talún, lena n-áirítear éadáil talún, léasú/ceadúnú talún nó foirgneamh, úsáid saoráidí agus gach ábhar i ndáil le gníomhais teidil réadmhaoine.

In 2025, bhí 98 áitreabh ag BOOLM faoina úinéireacht nó faoina rialú ar cíos bliantúil iomlán €2.5 milliún. Astu sin, tá 24 faoi úinéireacht, 24 ar léas, 36 faoi cheadúnú agus 14 á n-úsáid ag BOOLM faoi chomhaontuithe eile. Soláthraítear na seirbhísí seo a leanas ó na háitribh sin: 2 riarachán, 4 pobalscoil náisiúnta, 1 pobalscoil speisialta, 1 Ionad Scolaíochta Eorpaí, 19 scoil dara leibhéal, 8 ionad Ógtheagmhála, 14 ionad breisoideachais agus oiliúna agus 1 Ionad Oiliúna Barr Feabhais Ard-Déantúsaíochta.

Is mian le BOOLM tacú le creatlach shóisialta shaol an phobail, cabhrú le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid an Rialtais, agus tacú le nósanna maireachtála atá gníomhach agus folláin do phobail trí rochtain an phobail ar scoileanna/lárionaid áitiúla a éascú. Déanfaidh BOOLM a sheacht ndícheall chun rochtain den chineál sin a éascú a oiread agus is féidir i gcomhréir lena thosaíocht fhoriomlán chun oideachas agus oiliúint a chur ar fáil.

Tá beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag BOOLM chun é sin a éascú. Déantar iarrataí ar úsáid saoráidí scoileanna/lárionad trí fhoirm iarratais BOOLM a úsáid agus í a sheoladh chuig Príomhoide na Scoile nó chuig Comhordaitheoir Lárionad Breisoideachais agus Oiliúna.

Gníomhú ar son na hAeráide

Fócas tábhachtach de chuid na Rannóige is ea an Gníomhú ar son na hAeráide. Tá cur i bhfeidhm cleachtas atá tíosach ar fhuinneamh, laghdú ar thionchar comhshaoil foirgneamh agus cur chun cinn modhanna tógála inbhuanaithe ríthábhachtach dár n-oibríochtaí. Ní hamháin go gcabhraíonn sé sin le costais oibriúcháin a laghdú, ach tá sé ag teacht freisin le spriocanna níos leithne BOOLM, na Roinne, náisiúnta agus an Aontais maidir le gníomhú ar son na haeráide.

Ceann de na cúig sprioc straitéiseacha faoi Straitéis BOOLM le haghaidh 2022 go 2026 is ea gníomhú go hinbhuanaithe, ar bhealach atá comhsheasmhach le todhchaí inbhuanaithe agus atá comhsheasmhach le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid na hÉireann. Tacaítear leis an straitéis sin trí shé ghníomh:

  1.  Beartas inbhuanaitheachta a fhorbairt do BOOLM atá ag teacht le spriocanna na Náisiún Aontaithe agus Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid na hÉireann, lena n-áirítear na spriocanna sonracha a shocraítear faoin bplean sin do BOOLM
  2.  Teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann maidir le cur i bhfeidhm Bheartas Inbhuanaitheachta BOOLM chun cur ar a gcumas rannchuidiú le cuspóirí inbhuanaitheachta BOOLM
  3.  Teagmháil a dhéanamh le foghlaimeoirí maidir le cur i bhfeidhm Bheartas Inbhuanaitheachta BOOLM chun cur ar a gcumas rannchuidiú le cuspóirí inbhuanaitheachta BOOLM
  4.  Comhpháirtíochtaí a fhorbairt, lena n-áirítear le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, ar féidir leo cur le cuspóirí inbhuanaitheachta BOOLM
  5.  A chinntiú go ndéantar réadmhaoin BOOLM a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe i gcomhréir le Beartas Inbhuanaitheachta BOOLM
  6.  Tionchar comhshaoil BOOLM a laghdú de réir Bheartas Inbhuanaitheachta BOOLM

Faoin Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide mar chuid den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, a bhaineann le heagraíochtaí san earnáil phoiblí, ní mór do BOOLM Treochlár Gníomhaithe ar son na hAeráide a ullmhú chun tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna dícharbónaithe agus éifeachtúlachta fuinnimh a leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a bhaint amach. Tríd is tríd, ní mór don earnáil phoiblí laghdú 51% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feabhas 50% ar éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach faoi 2030. Tá sprioc aonair leagtha síos ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) do gach eagraíocht san earnáil phoiblí maidir le laghdú foriomlán ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhuinneamh. Is doiciméad beo é Treochlár BOOLM, a thabharfar cothrom le dáta go bliantúil nó de réir mar is gá, chun dul chun cinn BOOLM a léiriú agus chun na riachtanais faoin Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide a chomhlíonadh.

Geallann BOOLM go gcuirfear feabhas leanúnach ar fheidhmíocht fuinnimh agus cinnteoidh siad go leithdháilfear na hacmhainní atá ar fáil chun ár gcuspóirí agus spriocanna fuinnimh a bhaint amach. Áirítear leis an gcistiú ar baineadh leas as sa réimse seo Deontas Cineachta Caipitil Ghlais le haghaidh an Bhreisoideachais agus Oiliúna, clár Infheistíochta Caipitil le haghaidh an Bhreisoideachais agus Oiliúna agus cistiú caipitil le haghaidh scoileanna. Leanfaidh BOOLM de dheiseanna a lorg faoi scéimeanna/thionscnaimh ábhartha an rialtais chun an clár oibre ríthábhachtach sin a chur chun cinn.

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

Caipiteal, Eastáit agus Gníomhú ar son na hAeráide BOOLM

Oifig Riaracháin BOOLM, Bóthar na Mainistreach,
An Uaimh, Co. na Mí, C15 N67E

Teil: 046 901 0034
R-phost: ceca@lmetb.ie