SDOG (VTOS)

Breisoideachas & Oiliúint

Cad is SDOG ann?

Cuireann SDOG (Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais) oideachas agus oiliúint dara seans saor in aisce ar fáil do dhaoine fásta i dtimpeallacht foghlama thacúil.

Freastalaíonn sé ar dhaoine fásta os cionn 21 (nó ar a gcéilí cleithiúnacha) a bhí ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh ar leith nó a bhí ag síniú i gcomhair creidmheasanna ar feadh 6 mhí ar a laghad.

Cuireann SDOG cúrsaí lánaimseartha ar fáil a chuidíonn le foghlaimeoirí scileanna fostaíochta nó Breisoideachais/Ardoideachais a fhorbairt.  Is féidir leis foghlaimeoirí a ullmhú freisin le haghaidh gairm nua nó athrú gairme. Faigheann foghlaimeoirí Deimhniú ag Leibhéil 3, 4, 5 DCCÉ nó an Ardteistiméireacht, agus coinníonn siad a dteidlíochtaí leasa shóisialaigh agus iad i mbun an chúrsa.

Bíonn cúrsaí ar siúl i rith an lae, ó Mheán Fómhair go Bealtaine thar 1-2 bhliain. Bíonn na laethanta saoire céanna ar an gcúrsa agus a bhíonn ag iar-bhunscoileanna lena n-áirítear sosanna lár téarma, Nollag, Cásca agus Samhraidh.

I measc na gcúrsaí atá ar fáil tá:

Tá 3 Ionad SDOG ag BOOLM, i nDún Dealgan, i nDroichead Átha agus san Uaimh. Fógraítear gach cúrsa ar www.fetchcourses.ie.  In amanna bíonn na cúrsaí a chuirtear ar fáil i ngach ionad difriúil ach tá samplaí díobh siúd atá ar fáil:

  • Feabhas a chur ar do Chuid Béarla agus a Bheith Réidh le haghaidh Poist Leibhéal 3 DCCÉ
  • Scileanna Fostaíochta agus TF Leibhéal 4 DCCÉ
  • Scileanna Gnó agus Fostaíochta le ICDL Leibhéal 4 DCCÉ
  • Feabhas a chur ar do chuid Béarla Leibhéal 4 DCCÉ
  • An Ardteistiméireacht d’Fhoghlaimeoirí Fásta
  • Blaiseadh ar Chódú, Cibearshlándáil agus Forbairt Gréasáin Leibhéal 5 DCCÉ
  • Ríomhghnólacht agus Teicneolaíochtaí Faisnéise Leibhéal 5 DCCÉ

Cad iad na tacaí atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí SDOG?

Agus iad in SDOG, coinníonn foghlaimeoirí gach sochar Leasa Shóisialaigh agus faigheann siad liúntas béile laethúil bunaithe ar fhreastal. D’fhéadfadh liúntas taistil agus tacaí cúram leanaí a bheith ar fáil agus tá ábhair chúrsa agus táillí scrúdaithe saor in aisce. Is féidir le foghlaimeoirí oibriú suas le 19 n-uaire gach seachtain lasmuigh d’am ranga gan cur isteach ar a gcuid sochair leasa shóisialaigh. Má tá foghlaimeoirí san aoisghrúpa 21-25, tá siad i dteideal ráta iomlán an Liúntais Cuardaitheora Poist agus iad ar an gcúrsa.

    Cé atá incháilithe le haghaidh SDOG?

    Féadfaidh iarratasóirí cáiliú do SDOG má tá siad os cionn 21 bliain d’aois agus má tá ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas á fháil acu, nó ag a gcéile / páirtnéir sibhialta / comhchónaitheoir cleithiúnach, ar feadh 6 mhí ar a laghad:

    • Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist nó ag síniú le haghaidh creidmheasanna
    • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Liúntas Míchumais, Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláine
    • Pinsean na nDall, Liúntas / Sochar Banchéile Thréigthe, Pinsean Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach, Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach nó Liúntas Banchéile Príosúnaigh ar feadh 6 mhí ar a laghad (d’fhéadfadh coinníollacha a bheith i bhfeidhm i gcás na n-íocaíochtaí sin)

    Le haghaidh tuilleadh eolais

    VTOS Logo

    VTOS Drogheda

    FET Centre, King St, Drogheda,
    Co.Louth, A92 R594

    Contact: Mary Reilly
    Tel: 041 983 0870
    Email: [email protected]

    VTOS Logo

    VTOS Dundalk

    FET Centre, Chapel St, Dundalk,
    Co. Louth, A91 XV08

    Contact: Gareth Savage
    Tel: 042 9364621
    Email: [email protected]

    VTOS Logo

    VTOS Navan

    LMETB FET Campus, Railway St, Navan, Co. Meath, C15 X407

    Contact: Anne Brady
    Tel: 086 0336534
    Email: [email protected]