Scileanna don Obair

Breisoideachas & Oiliúint

Cad is clár Scileanna don Obair ann?

Tá sé mar aidhm ag an gclár Scileanna don Obair deiseanna oideachais agus oiliúna a chur ar fáil chun cabhrú le fostaithe déileáil le héilimh bhunscileanna an ionaid oibre. Tá an clár dírithe go háirithe ar oibrithe ísealscile, a bhféadfadh sé nach mbeadh an mhuinín acu iad féin a chur chun cinn le haghaidh deiseanna ginearálta oiliúna, nó dul i gceann róil nó tascanna nua ar an láthair oibre.

Tá cúrsaí saor in aisce agus cuirtear ar fáil iad in áitreabh cuideachta, nuair is féidir, nó in Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna BOOLM. Is féidir leo a bheith creidiúnaithe nó neamhchreidiúnaithe agus d’fhéadfadh cáilíochtaí suas le Leibhéal 4 DCCÉ a bheith mar thoradh orthu ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Tá Scileanna oibre ar fáil do gach fostaí príobháideach agus leathphríobháideach a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

  • Gan mórán cáilíochtaí oideachais, a gcáilíochtaí a bheith as dáta nó gan cuid ar bith a bheith acu
  • I bhfostaíocht íoctha lánaimseartha nó pháirtaimseartha
  • Os cionn 18 mbliana d’aois.

Is féidir téamaí cúrsaí a chur in oiriúint do riachtanais chruinne oideachais na n-oibrithe agus ar na topaicí a chlúdaítear áirítear:

  • Tacaíocht Teanga san Ionad Oibre – d’fhostaithe nach é an Béarla a gcéad teanga
  • Cumarsáid
  • Béarla an Ghnó
  • TFC / Ríomhairí
  • Cúram Custaiméirí
  • Sláinte agus Sábháilteacht san ionad oibre
  • Forbairt Phearsanta
  • Scileanna Miondíola
  • Matamaitic Laethúil don ionad oibre

Más fostóir thú, faigh amach conas is féidir le Scileanna oibre cabhrú leat trí theagmháil a dhéanamh le:

LMETB Logo

Comhordaitheoir Scileanna don Obair Réigiún an Oirthuaiscirt

CMETB, Unit 5,  Church View Square, Cavan Town, H12 A592

Contact: Noelette Dolan
Tel: 087 929 3531
Email: [email protected]