Earcaíocht Foirne agus Forbairt Ghairmiúil
Dearbhú Cáilíochta (DC)Tá BOOLM tiomanta do chothroime, comhionannas agus trédhearcacht i ngach próiseas earcaíochta foirne. Is é an Roinn Oideachais nó SOLAS a cheadaíonn poist agus líontar iad trí phróiseas foirmiúil earcaíochta agus roghnúcháin.
Tá inniúlacht ghairmiúil fhoireann BOOLM lárnach do chumas na Seirbhíse BO&O freagairt do riachtanais na mac léinn agus na bhfostóirí.
Agus aitheantas á thabhairt don nasc láidir idir forbairt a foirne agus cáilíocht a chuid oideachais agus oiliúna, cuireann BOOLM réimse deiseanna forbartha gairmiúla ar fáil do bhaill foirne trína Oifig um Fhorbairt Ghairmiúil. Cuireann siad sin ar chumas na foirne a gcuid scileanna a fheabhsú, inniúlachtaí a nuashonrú agus modhanna teagaisc nua-aimseartha a úsáid, i réimsí ar nós Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF), Litearthacht agus Foghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta a Chomhtháthú.
Tá Oifig Fhorbairt Ghairmiúil BOOLM tiomanta do Straitéis Foghlama agus Forbartha Gairmiúla a fhorbairt le haghaidh BO&O chun tacú lena chuid oibre reatha.

Le haghaidh tuilleadh eolais

FET Quality Assurance Office
FET Centre, Chapel St, Dundalk,
Co. Louth, A91 C7D8
Contact: Angela Cahill
Tel: 087 123 5572
Email: [email protected]