Seirbhís do Chustaiméirí
CorparáideachGealltanas Seirbhísí do Chustaiméirí Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú & na Mí
Tá BOOLM tiomanta do leibhéal na seirbhíse do chustaiméirí a fheabhsú agus glacann leis gur cheart gach seirbhís phoiblí a dhearadh agus a sheachadadh chun freastal ar riachtanais an tsaoránaigh aonair, an ghnólachta nó an phobail.
Cothaítear comhurraim agus comhionannas idir soláthraí seirbhíse agus ár seirbhísí seachtracha agus inmheánacha do chustaiméirí, agus tá BOOLM tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar atá:
- Cúirtéiseach
- Cáiréiseach
- Tuisceanach ó thaobh na Práinne
- Éifeachtúil ina Modh Oibre
Cúnamh do Chustaiméirí chun a Chinntiú go dTugtar Seirbhís Ardchaighdeáin
Ionas go mbeidh BOOLM in ann seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar dá chustaiméirí, is tábhachtach go dtuigeann custaiméirí a ról i soláthar seirbhíse den sórt sin agus go n-éascaíonn siad í mar seo:
- Ar an gcéad teagmháil, an oiread faisnéise a thabhairt agus is féidir
- Nuair is cuí, uimhreacha tagartha a lua ar gach comhfhreagras / cumarsáid
- Gach foirm a chomhlánú go cúramach
- Faisnéis tacaíochta a sholáthar de réir mar a iarrtar
- A chinntiú go sínítear agus go dtaisctear foirmeacha / aighneachtaí in am trátha
- BOOLM a choinneáil ar an eolas faoi athruithe ar chúinsí
- Freagra pras a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis / shoiléiriú breise
- Coinní a dhéanamh agus a bheith in am, más féidir
Tá tuilleadh Eolais faoi Sheirbhís do Chustaiméirí ar fáil ó na naisc seo:

Le haghaidh tuilleadh eolais


Seirbhís BOOLM do Chustaiméirí
Oifigí Riaracháin BOOLM,
Bóthar na Mainistreach, An Uaimh,
Co. na Mí, C15 N67E
Teagmháil: Carmel McEvoy
Teil: 046 901 0037
R-phost: [email protected]