Cosaint Sonraí
CorparáideachCosaint Sonraí agus an
Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)
Tá an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2018, a thiocfaidh in ionad an chreata cosanta sonraí atá ann cheana faoi Threoir an AE um Chosaint Sonraí.
Tugann na hAchtanna um Chosaint Sonraí cearta príobháideachais do dhaoine aonair a bhfuil a gcuid faisnéise pearsanta i seilbh nó i rialú BOO Lú agus na Mí. Cuireann na hAchtanna seo oibleagáidí ar BOO Lú agus na Mí maidir leis an gcaoi a ndéantar na sonraí sin a phróiseáil agus a stóráil.
Le linn a ghnó, próiseálann BOO Lú agus na Mí faisnéis phearsanta a bhaineann le daoine aonair ar nós baill foirne, mic léinn, tuismitheoirí, srl.
Mar thoradh air sin, tá freagrachtaí fairsinge ar BOO Lú agus na Mí maidir leis an bhfaisnéis sin a chosaint agus rochtain a sholáthar uirthi, ach na daoine lena mbaineann sí í a iarraidh.
Chun comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a chinntiú, forbraíodh agus cuireadh na beartais seo a leanas i bhfeidhm ar fud na heagraíochta:
- Fógra Príobháideachais BOOLM do Scoláirí (agus nó Tuismitheoir/Caomhnóirí)
- Fógra Príobháideachais BOOLM d’Fhostaithe, d’Oibrithe Deonacha, do Chomhaltaí Boird, do Chomhaltaí Coiste srl.
- Fógra Príobháideachais TCI (Teilifís Ciorcaid Iata) BOOLM
- Polasaí Cosanta Sonraí BOOLM (le Fógraí Príobháideachta mar réamhrá)
- Prótacal um Shárú Sonraí BOOLM
- Beartas Bainistíiochta Taifead BOOLM
- Sceideal Coinneála Taifead BOOLM
- Beartas Bainistíochta Taifead BOOLM & Sceideal Coinneála Taifead
- Polasaí TCI BOOLM (le Fógra Príobháideachais TCI mar réamhrá)
- Fógra Príobháideachais BOOLM maidir le Covid-19
- Ráiteas um Chosaint Sonraí an Chórais Tacaíochta Cláir agus Foghlaimeoirí (CTCF)
Cearta Ábhar Sonraí
faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí
Tá na cearta seo a leanas ag Ábhar Sonraí (an duine lena mbaineann an chatagóir phearsanta nó speisialta) faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí is féidir a fheidhmiú ag am ar bith:
- Ceart rochtana
- An Ceart go nDéanfaí Ceartúcháin
- An Ceart go ligfí i ndearmad
- An Ceart chun srian a chur le próiseáil
- An Ceart chun iniomparthacht sonraí
- An Ceart agóid a dhéanamh agus agóidiú i gcoinne cinnteoireacht / próifíliú uathoibrithe
- An Ceart gearán a dhéanamh leis an Údarás Maoirseachta
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh BOOLM cearta Ábhar Sonraí, breathnaigh ar Alt 7 de Bheartas Cosanta Sonraí BOOLM.
Iarratas rochtana sonraí a dhéanamh
Chun na sonraí a iarrtar a chosaint, agus ionas gur féidir le BOOLM céannacht an iarrthóra a chinntiú, ní mór ceann amháin de na modhanna fíoraithe céannachta seo a leanas a bheith ag gabháil leis an iarratas ar rochtain ar shonraí:
- cóip de Cheadúnas Aitheantais Stáit (Pas nó Ceadúnas Tiomána) arna fhíorú go hoifigiúil le stampa an stáisiúin agus síniú oifigeach de chuid an Gharda Síochána. nó
- Is féidir leis an iarrthóir féin teacht i láthair na nOifigí Riaracháin ar Bhóthar na Mainistreach, san Uaimh nó ar Shráid an tSéipéil, Dún Dealgan nó
- Féadfaidh an t-iarrthóir Dearbhú ó Choimisinéir Mionnaí a chur isteach chun a gcéannacht a fhíorú.
Seol d’iarratas, i scríbhinn chuig:
An Oifig um Chosaint Sonraí
BOOLM,
Bóthar na Mainistreach,
An Uaimh, Co. na Mí
C15N67E
Ríomhphost chuig [email protected]
Tá Foirm Iarratais rochtana sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí ar fáil le híoslódáil anseo.
Nuair a fhaightear na doiciméid ábhartha go léir, próiseálfaidh BOOLM an tIarratas rochtana sonraí laistigh de 30 lá féilire.
Sáruithe Sonraí
Tá Prótacal um Shárú Sonraí i bhfeidhm ag BOOLM agus tá an fhoireann ar an eolas faoina ndualgais aon sárú amhrasta a thuairisciú don Oifig Cosanta Sonraí agus don Stiúrthóir ábhartha le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe agus athiniúchta.
Is gá dul i dteagmháil le hOifig Cosanta Sonraí BOOLM má fhaightear eolas faoi aon sárú amhrasta.
De réir na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí agus Prótacal um Shárú Sonraí BOOLM, tabharfar fógra cuí don Choimisinéir Cosanta Sonraí laistigh de 72 uair an chloig.
Ba cheart aon sárú amhrasta ar shonraí pearsanta a chur in iúl don Oifig Cosanta Sonraí trí [email protected] nó ar an teileafón chuig 046 9068200.
An Coimisinéir Cosanta Sonraí
Tá sé de cheart ag ábhar sonraí gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Tá sé seo leagtha amach i gCuid 7 de Bheartas Cosanta Sonraí BOOLM. Breathnaigh ar www.dataprotection.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Le haghaidh tuilleadh eolais


Oifig Cosanta Sonraí BOOLM
BOO Lú agus na Mí,
Bóthar na Mainistreach, An Uaimh,
Co. na Mí, C15 N67E
Teil: 086 067 5828
R-phost: [email protected]