An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (TFO)

Breisoideachas & Oiliúint
Home 5 Breisoideachas & Oiliúint 5 Cúrsaí Páirtaimseartha agus Oíche 5 An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (TFO)

Cuireann an Tionscnamh um Fhilleadh ar an oideachas cúrsaí páirtaimseartha Breisoideachais agus Oiliúna ar fáil do dhaoine óga os cionn 16 bliana d’aois agus do dhaoine fásta. Is é an aidhm atá ann deis a thabhairt do dhaoine filleadh ar an oideachas agus ar an oiliúint a nascadh le freagrachtaí teaghlaigh, oibre agus eile. Tá cúrsaí TFO ar fáil do gach duine agus cuirtear ar fáil iad ar maidin, san iarnóin agus tráthnóna i réimse leathan áiteanna ar fud cheantar BOOLM. Tugtar tús áite dóibh siúd a bhfuil a gcuid oideachais faoi bhun leibhéal na hArdteistiméireachta (nó a chomhionann). Tá cúrsaí saor in aisce d’aon duine nach bhfuil Ardteist acu nó d’aon duine atá ag fáil é féin, nó atá ina chleithiúnach ag duine atá ag fáil, íocaíocht leasa shóisialaigh nó cárta leighis.

Cuireann TFO cúrsaí ar fáil ar bhonn páirtaimseartha as a dtagann deimhniú ag leibhéil DCCÉ 3,4 agus 5 agus san Ardteistiméireacht.

Bíonn difríochtaí ó áit go háit sna cúrsaí a chuirtear ar fáil ach i measc samplaí de roinnt réimsí ábhair a thairgtear tá:

  • Ábhair Aonair Ardteistiméireachta: Béarla, Mata, Stair, Ealaín, Tíreolaíocht
  • Obair don Aos Óg
  • Cúram Sláinte agus Cúram Leanaí
  • Staidéar Sóisialta
  • Teicneolaíocht Faisnéise lena n-áirítear ICDL
  • Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile (ESOL)
  • Scileanna fostaíochta
  • Scileanna Oifige
  • Gruagaireacht agus Áilleacht
  • Eolaíocht
  • Gairneoireacht

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

BTEI Meath

LMETB FET Campus,  Railway St, Navan, Co. Meath, C15 X407

Contact: Serena Duffy
Tel: 086 067 6656
Email[email protected]

LMETB Logo

BTEI Louth

LMETB FET Campus, Chapel St, Dundalk, Co. Louth, A91 C7D8

Contact: Alma Sheelan
Tel: 086 068 9542
Email: [email protected]