Scéim Foilseacháin
FhoilseacháinScéim Foilseacháin SF
Ceanglaítear le hAlt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar fhorais saorála faisnéise a oiread faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhonn oscailte agus inrochtana ar bhonn rialta lasmuigh den SF, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta mar atá leagtha amach in Ailt 8(5) agus 11(3) den Acht.
Ceadaíonn sé sin taifid a fhoilsiú nó a thabhairt lasmuigh den Acht um Shaoráil Faisnéise ar choinníoll nach bhfuil cosc de réir dlí ar fhoilsiú nó ar thabhairt rochtana den sórt sin. Cuireann an scéim de cheangal ar fhorais Saorála Faisnéise faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime seo.
Faigh Scéim Foilseacháin SF Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí thíos. Tugann gach nasc chuig leathanach d’fhaisnéis ábhartha sa chatagóir thú chomh maith le naisc chuig faisnéis ábhartha ar shuíomh gréasáin BOOLM. Mura féidir an t-eolas atá uait a fháil ansin, b’fhéidir gur mhaith leat cuardach a dhéanamh ar shuíomh gréasáin BOOLM, nó teagmháil a dhéanamh linn ag [email protected]. Mura bhfuil an fhaisnéis ar fáil go poiblí faoi láthair ag BOOLM, d’fhéadfá Iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh.
Soláthar
Eolas Maidir le BOOLM
Faisnéis Airgeadais
Cinnteoireacht
Eolas ar Sheirbhísí
Nochtadh SF

Le haghaidh tuilleadh eolais


Iarratais um Shaoráil Faisnéise
Oifigí Riaracháin BOOLM,
Bóthar na Mainistreach, An Uaimh, Co. na Mí, C15 N67E
Ríomhphost: [email protected]