Achomhairc Alt 29
ScoileannaAchomharc i gcoinne Eisiamh Buan, Fionraí nó Diúltú Cláraithe
Imlitir 0069/2020 – Socruithe agus nósanna imeachta nua le haghaidh achomharc faoi Alt 29 den Acht Oideachais, 1998 le héifeacht ón 12 Samhain 2020 ar aghaidh, ar fáil anseo.
Tá foráil déanta ag Alt 7 den Acht Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2018 d’athsholáthar Alt 29 den Acht Oideachais 1998 le sraith d’ailt nua uimhrithe 29 go 29F. Tá na forálacha nua achomhairc seo in ailt 29 go 29F deartha chun oibriú in éineacht leis an gcreat iontrála níos leithne in Acht 2018 agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ón 12 Samhain 2020 ar aghaidh.
Tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe oideachais agus de réir alt 29B den Acht Oideachais 1998, shocraigh an tAire freisin na nósanna imeachta achomhairc seo a leanas a mbeidh feidhm acu ón 12 Samhain 2020 ar aghaidh.