Beartais agus Nósanna Imeachta DC Oidhreachta

Beartais agus Nósanna Imeachta
Home 5 Breisoideachas & Oiliúint 5 Dearbhú Cáilíochta (DC) 5 Beartais agus Nósanna Imeachta 5 Beartais agus Nósanna Imeachta DC Oidhreachta

Tar éis cónascadh Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí, Coiste Gairmoideachais Chontae Lú agus ionad oiliúna amháin de chuid SOLAS (FÁS), chuaigh BOOLM i dteagmháil arís leis an DCCÉ, an ghníomhaireacht neamhspleách Stáit atá freagrach as cáilíocht agus cuntasacht a chur chun cinn i seirbhísí oideachais agus oiliúna in Éirinn.

D’fhoilsigh an DCCÉ Croí-Threoirlínte Reachtúla um Dhearbhú Cáilíochta i mí Aibreáin 2016, agus ina dhiaidh sin na Treoirlínte Sainiúla Earnála do BOOnna i mBealtaine 2017.

Tá BOOLM ag feidhmiú, ó bunaíodh é in 2013, faoi chomhaontuithe, beartais agus nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta “oidhreachta”, ach tá sé ag obair anois ar thacar coiteann beartas agus nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta a fhorbairt a mbeidh feidhm leo maidir lena sheirbhísí agus a ionaid BO&O go léir.

Tá na doiciméid acmhainne a bhaineann leis na Comhaontuithe DC oidhreachta liostaithe thíos chun críocha faisnéise. Maidir le beartais agus nósanna imeachta DC a bhaineann go sonrach le gach ionad BOOLM faoi na comhaontuithe oidhreachta, déan teagmháil dhíreach leis an ionad atá i gceist.

    Le haghaidh tuilleadh eolais

    FET Quality Assurance Office

    FET Centre, Chapel St, Dundalk,
    Co. Louth, A91 C7D8

    Contact: Angela Cahill
    Tel: 087 123 5572
    Email: qualityassurance@lmetb.ie