Eolas Maidir le BOOLM

Scéim Fhoilseacháin
Home 9 Corparáideach 9 Foilseacháin 9 Scéim Foilseacháin 9 Eolas Maidir le BOOLM

Bunú na hEagraíochta

Foráladh san Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013 go mbunófaí 16 bhord oideachais agus oiliúna nua in ionad na 33 CGOnna a bhí ann cheana féin.

Ar an 1 Iúil 2013, chumasc Coiste Gairmoideachais Chontae Lú agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Mí le chéile chun Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (BOOLM) a bhunú.

Is údaráis reachtúla iad BOOnna atá freagrach as oideachas agus oiliúint, obair don óige agus raon d’fheidhmeanna reachtúla eile. Bainistíonn agus oibríonn BOOnna scoileanna Dara Leibhéal, coláistí breisoideachais, scoileanna náisiúnta pobail ilchreidmheacha agus réimse d’ionaid oideachas aosach agus breisoideachais a sholáthraíonn cláir oideachais agus oiliúna.

 

Róil, Freagrachtaí agus Feidhmeanna

Bainistíonn BOOLM ceithre Scoil Náisiúnta Phobail, Ionad Ard-Oiliúna Déantúsaíochta, ocht n-iar-bhunscoil déag lena n-áirítear ceann amháin ina bhfuil soláthar iar-Ardteistiméireachta, dhá Choláiste Iar-Ardteistiméireachta, ocht nIonad Ógtheagmhála,  Ionad Réigiúnach Scileanna agus Oiliúna, Ionad Ard-Oiliúna Déantúsaíochta Barr Feabhais agus raon leathan de sheirbhísí breisoideachais ar fud Lú agus na Mí, lena n-áirítear Seirbhísí don Fhoghlaim Aosach,  Oideachas Pobail, Tionscnaimh um Fhilleadh ar Oideachas (BTEI), SDOG agus Treoir d’Aosaigh. Tá BOOLM ina phátrún ar 6 Scoil Phobail.

Cuireann BOOLM seirbhís ar fáil do 12,000 scoláire / foghlaimeoir ag an dara leibhéal, ag leibhéal IAT agus os cionn 20,000 mac léinn i gCláir Bhreisoideachais agus Oiliúna, san Ionad Oiliúna agus i gCláir Ógtheagmhála.

Is iad feidhmeanna ginearálta Boird Oideachais agus Oiliúna, a luaitear faoin Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013:

(a) scoileanna, ionaid oideachais agus saoráidí oideachais nó oiliúna aitheanta a bhunú agus a chothabháil ina limistéar feidhme,

(b) nuair a ordóidh an tAire dó déanamh amhlaidh faoi Alt 20

  1. scoileanna aitheanta a bhunú agus a chothabháil ina limistéar feidhme,
  2. ionaid oideachais a bhunú agus a chothabháil ina limistéar feidhme,
  3. ionaid oideachais nó scoileanna aitheanta a chothabháil ina limistéar feidhme, agus
  4. saoráidí oideachais nó oiliúna a bhunú, a chothabháil nó acmhainní a fháil dóibh ina limistéar feidhme,

(c) soláthar oideachais agus oiliúna a phleanáil, a sholáthar, a chomhordú agus a athbhreithniú, lena n-áirítear oideachas agus oiliúint chun críche fostaíochta, agus seirbhísí atá coimhdeach leis sin ina limistéar feidhme i:

  1. scoileanna nó ionaid aitheanta oideachais atá á gcothabháil aige,
  2. saoráidí oideachais nó oiliúna atá á gcothabháil aige nó a bhfuil acmhainní á bhfáil aige dóibh,
  3. scoileanna coinneála leanaí,
  4. príosúin, agus saoráidí atá á gcothabháil ag comhlachtaí seirbhís phoiblí eile,

(d) socruithe a dhéanamh le soláthraithe oideachais nó oiliúna, agus seirbhísí tacaíochta a sholáthar dóibh, de réir Alt 22

(e) scoláireachtaí a bhunú, de réir Alt 24 den Acht

(f) ráiteas straitéise a ghlacadh de réir Alt 27 den Acht

(g) plean seirbhíse bliantúil a ghlacadh de réir Alt 47 den Acht

(h) comhoibriú le haon duine a ainmnítear chun feidhmeanna iniúchadh inmheánach a dhéanamh faoi Alt 52

(i) oideachas agus oiliúint a sholáthar arna iarraidh sin d’aon fhoras, agus thar a cheann, a mhaoiníonn oiliúint as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas don fhoras sin,

(j) tacú le soláthar, comhordú, riarachán agus measúnú seirbhísí oibre don aos óg ina limistéar feidhme agus cibé faisnéis a sholáthar a iarrfaidh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige i ndáil leis an tacaíocht sin, agus

(k) measúnú a dhéanamh cé acu atá an bealach ina gcomhlíonann sé a fheidhmeanna eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach.

Tá BOOnna gníomhach i bpobail áitiúla trí chláir oiliúna agus oideachais a chuirtear ar fáil go díreach in ionaid oiliúna, i gcoláistí agus i suíomhanna oiliúna agus oideachais eile. Ar an mbealach sin, féachann BOOnna le fíordhifríocht a dhéanamh do shaol na ndaoine a bhfreastalaíonn siad orthu.

Is í an fhreagrúlacht sin sainmharc earnáil na mbord oideachais agus oiliúna i gcónaí, ag breathnú amach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus ag an am céanna seirbhísiú a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint ar bhonn áitiúil agus aonair.

Is é Martin G. O’Brien Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí.

 

Struchtúr Eagraíochta agus Grádaithe Pá

Fostaíonn BOOLM na catagóirí foirne seo a leanas i Scoileanna/Ionaid/Cláir agus Oifigí Riaracháin ar fud Lú agus na Mí:

  • Príomhfheidhmeannach
  • Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna
  • Stiúrthóir Tacaíochta agus Forbartha na hEagraíochta
  • Stiúrthóir Scoileanna
  • Príomhoide agus Leas-Phríomhoide
  • Múinteoirí
  • CRS agus CP d’Fhoghlaimeoirí Fásta faoi Mhíchumas
  • Coimhdire Bus
  • Foireann Chothabhála
  • Foireann Riaracháin
  • Éascaitheoir Oideachas Pobail
  • Eagraí Litearthachta d’Aosaigh
  • Comhordaitheoir BTEI
  • Comhordaitheoir SDOG
  • Treoir d’Aosaigh – Comhordaitheoir, Comhairleoir, Oifigeach Faisnéise
  • Teagascóir Aosach / Breisoideachais
  • Ógtheagmháil – Comhordaitheoir agus Duine Acmhainní
  • Oifigeach Óige
  • Soláthar Oiliúna Bainisteoirí
  • Foireann an Ionaid Oiliúna

Tá scálaí pá agus struchtúir ghrádaithe don fhoireann seo á rialú ag Ciorcláin na Roinne Oideachais agus Scileanna ar féidir teacht orthu trí chliceáil anseo.

Suíomhanna & Sonraí Teagmhála do BOOLM

LMETB Logo

Ceannoifig BOOLM – Dún Dealgan

Oifigí Riaracháin BOOLM,
Sráid an tSéipéil, Dún Dealgan, Co Lú, A91 C7D8

Teil: 042 933 4047
R-phost: education@lmetb.ie

 

LMETB Logo

Ceannoifig BOOLM – An Uaimh

Oifigí Riaracháin BOOLM,
Bóthar na Mainistreach, An Uaimh, Co. na Mí, C15 N67E

Teil: 046 906 8200
R-phost: education@lmetb.ie