Printíseachtaí agus Cúrsaí Oiliúna RSTC
Breisoideachas & Oiliúint
Arna chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach
Co-funded by the Government of Ireland and the European Union
Printíseachtaí
Is é is printíseacht ann clár oiliúna lánaimseartha a chomhcheanglaíonn foghlaim rangbhunaithe le foghlaim obairbhunaithe i gcomhlacht. Is san ionad oibre a dhéantar ar a laghad 50% d’fhoghlaim printíseachta.
Bíonn printísigh ‘ag tuilleamh agus iad ag foghlaim’ – tá conradh fostaíochta acu agus íoctar tuarastal leo ar feadh thréimhse a n-oiliúna printíseachta. Chun a bheith i do phrintíseach in Éirinn, caithfidh tú a bheith fostaithe ag fostóir atá ceadaithe chun printísigh a fhostú.
Is iontach an bealach í printíseacht le tús a chur le gairm, trí thaithí agus scileanna praiticiúla a fháil agus tú ag gabháil don obair. Tairgtear fosta do rannpháirtithe deis cáilíocht atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus atá ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí a fháil.
Bíonn éagsúlacht mhór ag baint le printíseachtaí ag brath ar an gclár, a mhaireann idir dhá bhliain agus ceithre bliana ag brath ar an gclár printíseachta. Tá an aois íosta le haghaidh rannpháirtíochta idir 16 go 18 mbliana ach níl aon uasteorainn aoise ann.
I measc na bPríomhphrintíseachtaí a chuireann BOOLM ar fáil tá:
- Gruagaireacht
- Innealtóir Líonra
- Forbairt Bogearraí TFC
- Pluiméireacht
- Cearpantóireacht agus Siúinéireacht
- Píobaireacht
- Leictreachas
- Déanamh uirlisí
- Mótarmheicneoireacht
- Déantúsaíocht Miotail
- Déantúsaíocht Adhmaid agus Bailchríochnú
Cúrsaí Oiliúna
Ceanglaíonn cúrsaí oiliúna an fhoghlaim le chéile i suíomh oideachais agus oiliúna agus san ionad oibre. Tógann siad 6 – 20 mí le cur i gcrích agus tugann oiliúint d’fhoghlaimeoirí ag Leibhéil 4-6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí a bhaineann go sonrach le post, chomh maith le hoiliúint san ionad oibre.
Tugtar deis fosta don fhoghlaimeoir taithí luachmhar a fháil san obair agus i dtimpeallachtaí fíora oibre agus tionsclaíochta agus, dá réir, cur le forbairt scileanna agus deiseanna fostaíochta.
Tá cúrsaí oiliúna oscailte do dhaoine atá os cionn 16 bliana d’aois agus cuirtear liúntas ar fáil dóibh siúd atá incháilithe.
I measc na samplaí de chúrsaí oiliúna a chuireann BOOLM ar fáil tá:
- Riarachán Leighis
- Teicneoir Réimse Earraí Bána
- Riarachán Oifige
- Dioplóma do Chórais TFC agus Líonra
- Dearadh agus Déantúsaíocht Ríomhchuidithe
- Tacaíocht Cúram Sláinte
- Innealtóireacht
- Fáilteachas
Le haghaidh tuilleadh eolais

RSTC Recruitment and Guidance Services
Regional Skills Training Centre,
Coe’s Road, Dundalk, Co. Louth, A91 PH21
Contact: Karen Morgan
Tel: 042 9355 700
Email:recep.rst@lmetb.ie
Web: www.rstc.ie

Drogheda College
Prism Building, IDA Park,
Drogheda, Co. Louth, A92 VX98
Contact: Philip Sheridan
Tel: 041 9865018
Email: info.dc@lmetb.ie

AMTCE Traineeships
Building B, Xerox Technology Park, Dundalk, Co. Louth, A91 Y319
Contact: Jean Kennedy
Tel: 086 198 1804
Email: jkennedy.amc@lmetb.ie

AMTCE Apprenticeships
Building B, Xerox Technology Park, Dundalk, Co. Louth, A91 Y319
Contact: Eamonn Brennan
Tel: 086 203 7127
Email: ebrennan.amc@lmetb.ie


