
Bunaíodh Coláiste Pobail Ráth Chairn i 1986. Tá 130 dalta sa scoil faoi láthair. Mar sin, is í an scoil is lú i scéim an LMETB Is scoil lán Gaelach Gaeltachta í. Is é mana na scoile ná ‘Is fiú agus is féidir’. Tá rang amháin i ngach bliain ar chaighdeáin éagsúla. Is I nGaeltacht Ráth Chairn atá an scoil lonnaithe. Is féidir foirmeacha clárúcháin a fháil sa scoil.
Cuirtear curaclam leathan ar fáil sa scoil. Faigheann daltaí na scoile torthaí den scoth i scrúduithe an stáit. Gnóthaíonn an chuid is mó dár daltaí áit in institiúid tríú leibhéil, a bhformhór in ollscoileanna.
Ráiteas Misin na Scoile
Déanfaidh an scoil gach iarracht an cultúr Gaelaigh a chur chun cinn i bhfoirm teanga, ceol agus Cluichí Ghaeltachta. Is scoil ilchreidmheach í a dhéanann iarracht forbairt spioradálta an dalta a spreagadh chomh maith lena fás cultúrtha, inteallachtúil, sóisialta agus gairmúil.
Déanann bainistíocht na scoile, maraon lena múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí déanfar iarracht go mbaineann gach dalta a chumas iomlán amach ó thaobh acadúlacht agus pearsantachta de. Déanfar é seo trí iad a threoiriú i ngach gné dá saoil.
Cultúr agus Coláiste Pobail Ráth Chairn
Tá sé luaite cheana féin gurb í an Ghaeilge teanga an choláiste agus go mba ceart dúinn uilig idir dhaltaí agus fhoireann na scoile í a labhairt chomh binn blasta agus a thig linn. Taobh leis an Ghaeilge agus tríd an Ghaeilge atá cultúr s’againne, cultúr na hÉireann., le fáil. Idir spórt agus ceol, idir scéalaíocht agus fhilíocht, idir amhráin, dhrámaíocht agus damhsa tá an cultúr beo I gColáiste Pobail Ráth Chairn agus tá cumainn ann a oireann do gach dalta.
Creideann muid gur cheart cultúir éagsúla a aithint agus gur chóir dúinn páirt iomlán a glacadh I gcultúr s’againn féin agus sult a bhaint as a bheith ina nÉireannaigh nua-aoiseacha.
Spórt
Cuireann spórt go mór le forbairt iomlán an dalta. Ní hamháin go gcothaíónn sé forbairt fhisiciúil agus dea-shláinte ach cabhraíonn sé le scileanna sóisialta a fhorbairt. Cuidíonn sé chomh maith le tréithe iontaofachta, dílseachta agus ceannasaíochta a chothú sa duine. Spreagtar daltaí uilig na scoile chun páirt a ghlacadh sa spórt. Beanann na daltaí leas as na háiseanna nua aimseartha atá sa scoil sna ranganna Corpoideachais. Imrítear peil, cispheil, eitpheil, sacar, badmantan, leadóg agus leadóg boird. Téann daltaí na scoile ag sciáil gach ré-bhlian. Déantar cleachtadh do lúthchleasaíócht chomh maith. Glacann foirne na scoile páirt in alán comórtais go gach aoisghrúpa idir bhuachaillí agus cailíní – peil, iománaíocht agus camógaíocht, cispeil, sacar, snámh, leadóg boird, lúthchleasaíócht agus marcaíocht chapall.
Ríomhairí Glúine
Ó Mheán Fómhair 2011 baineann an chéad bhliain úsáid as ríomhairí glúíne réamh-insealthaithe le hábhair churaclaim an Teastas Shóisearaigh. Tugann an tionscnamh seo modh nua foghlamtha dóibh agus cuireann sé lena gcuid scileanna teicneolaíóchta. Ullmhaítear na daltaí I gColáiste Pobail Ráth Chairn le scileanna chun dul chun cinn a dhéanamh I láthair oibre atá ag síorathrú.
Ceol
Tagann an grúpa ceoil le chéile faoi dhó gach seachtain. Glacann siad páirt I gCeolchoirm de chuid Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí gach bliain sa Solstice san Uaimh. Casann siad ag ócáidí scoile chomh maith.
Brat Glas
Tá Brat Glas ag an scoil. Tá coiste díograiseach, idir mhúinteoirí agus dhaltaí, ag gníomhú ar mhaithe leis an timpeallacht.
Turais
Tugann daltaí na scoile aghaidh ar Mhór Roinn na hEorpa go rialta. Glacann daltaí ó gach rang páirt sna turais seo. I measc na náiteanna a dtugadh turas orthú go dtí seo tá Páras (go minic), an Róimh, an Ghearmáin, Strasburg, ag sciáil I Konigsee na Gearmáine, I bhFolgaria na hIodáile agus in Axamer-Lizum na hOstaire. Tugadh cuairt ar Londain chomh maithe. Thug an Idirbhliain cuairt ar Pháras, Bilbao na Spáinne agus an Bhreatain Bheag.
Comhairle na Mac Léinn
Toghtar buachall agus cailín as gach rang gach bliain mar ionaduithe ar Chomhairle na Mac Léinn. Tá an comhairle an-gnhíomhach: ag plé polasuithe scoile, ag moladh athruithe ar áiseanna scoile agus ag glacadh páirt in ócáidí móra na scoile ar nós an Lá Bronnaidh agus an Oíche Oscailte.
Díospóireacht sa Scoil
Glacann daltaí na scoile páirt i ndíospóireachtaí, faoi choimirce Gael Linn agus eagrúcháin eile. Uaireanta bíonn díospóireachta neamh –fhoirmeálta ar siúl i measc na daltaí le linn an lóin. Bíonn siad ag labhairt faoi ruin ar nós, ‘Ba chóir an Nollag a chur ar ceall i mbliana’. Bíonn an scoil an-bhródúil nuair a labhrann daltaí thar ceann na scoile: labhrann siad le fonn.
Contact Details
Coláiste Pobail Rath Chairn
Athbuí
Co na Mí
Ríomhphost: cprc@lmetb.ie
Fón: 046 94 32722
Feaics: 046 94 30198
Láithreán gréasáin: www.cprathcairn.ie
Share